Coláiste Naomh Éinne

Focal ón bPríomhoide

Cuirimid fáilte croíúil romhaibh chuig suíomh gréasáin Choláiste Naomh Éinne.

Is scoil Ghaeltachta, ilchreidmheach muid atá ar an bhfód ó 1953 agus atá faoi phátrúnacht an BOOGR (GRETB) Táimid lonnaithe i mbarr bhaile Chill Rónáin, Inis Mór.

Soláthraíonn an scoil oideachas iomlán dara leibhéal trí mheán na Gaeilge le bród a chothú as ár gcultúr agus as ár dteanga dhúchais. Táimid bródúil as ár dtraidisiúin oideachais agus as ár dtuiscint don mhaith choiteann agus tá cultúr agus oidhreacht an oileáin comhtháite sa teagasc agus foghlaim agus i luachanna na scoile.

Táimid spreagtha i dtreo timpeallacht foghlama atá sábháilte, uilechuimsitheach, folláine a chothú ina mbeidh deiseanna do gach dalta bláthú go hacadúil, go sóisialta agus go mothúchánach.

Chuile bhliain, cuirimid fáilte roimh scoláirí a thagann ó chontaetha éagsúla ar fud na tíre ar scoláireacht idirbhliana atá maoinithe ag Roinn na Gaeltachta trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Tá an scéim seo ar fáil do dhaoine óga ó thaobh amuigh den Ghaeltacht atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

Tá súil agam go dtiocfaidh tú ann ar aon eolas atá á lorg agat faoin scoil ar ár suíomh agus tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn má tá breis eolais á lorg agat.

Stacey Uí Iarnáin